Táim-se im Chodladh.
Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dham,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé;
'Seadh dhearcas lem taobh an spéirbhean mhaiseamhail,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé;
Ba bhachalach péarlach dréimreach barrachas,
A carn-fholt craobhach ag téacht léi 'r bhaillichrith,
'Sí ag caitheamh na saeghead trém thaobh do chealg mé,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé.
A's éirigidh, a chlann, agus gabhaidh bhur n airm chughaibh,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé;
A's leagaigidh sa tsrúil gach sgrúile Sasanaigh,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé;
Muna mairfeadh ach triúr, bíodh clú ins gach bhaile 'gaibh,
Ó Charraig na Siúire go ciumhais an Daingin shiar,
Árd uíghidh bhur lann tugaidh fogha fé na Sasanigh,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé.
Is 'mó buachailín óg a tógadh go ceannasach,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé;
Do cuireadh le fóirneart a-nonn tar faraige,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé;
Go bhfeicead-sa 'n lá go mbeidh ár ar Shasanaigh,
Ughaim ar a ndrom 's iád ag treabhadh 's ag bran'r dúinn,
Gan mise bheith ann mura dteannam an maide leó,
Táim-se im chodladh 's ná dúistear mé.
Tá na focail seo ar fáil i gcuid a trí, l.31, do Ceól ár Sínsear leis an tAth. Pádraig Breathnach, 1923.
|
|
These words can be found in part three p31 of Ceól ár Sínsear by Fr. Patrick Walsh, 1923.
|
|